← Níl sí ar fónamh faoi láthair agus déanfaidh sé seo m aitheas di. 🔊
← Bhí sí go deas cineálta leis mar ní raibh a fhios aici go raibh sé dainséarach. 🔊
← Níl mo sheanmháthair go rómhaith faoi láthair agus tabharfaidh sé seo misneach di." 🔊
← Smaoinigh sé dó féin agus ar seisean "Tá bláthanna áille le cumhra speisialta thíos cois na habhann. 🔊
← D'iompaigh an mactíre ar a sháile agus bhailigh sé leis go teach na seanmháthar. 🔊
← D'oscail sí an doras agus i bpreab na súl d'alp an mactíre siar í. Chuaigh sé ansin go dtí an cófra agus chuir sé air éadaí na seanmháthar. 🔊
← Chuir sé cochall ar a cheann agus luigh sé siar ar an leaba. 🔊
← Léim an mactíre amach as an leaba agus d'alp sé siar í in aon bholgam amháin. 🔊
← Luigh sé siar ar an leaba agus thit a chodladh air. 🔊
← Ba ghearr gur thosaigh sé ag srannadh agus bhí an gleo a tháinig uaidh chomh hard sin gur chuala fear seilge a bhí ag dul thar bráid é. 🔊
← A luaithe is a bhí sé laistigh den doras chonaic sé an mactíre ina chodladh agus gach aon srann as. 🔊
← Thug sé faoi deara go raibh a bholg ag bogadh. 🔊
← Thóg sé scian amach as a mhála agus ghearr sé a bholg oscailte. 🔊
← "Tá mé ag rá leat go raibh sé sin scanrúil," ar sise. 🔊
← Bhailigh Cochaillín Dearg agus fear na seilge clocha móra agus chuir siad isteach ina bholg iad ach dhúisigh sé sin é agus amach an doras leis. 🔊
← Thit sé de phleist agus an dé deiridh imithe as. 🔊
← Mhúin sé sin ceacht do Chochaillín Dearg agus lean sí comhairle a máthar as sin amach. 🔊