Bhí fear ina chónaí in Uachtar Árd fadó. 🔊 Chuaidh sé amach lá ag gróigeadh móna. 🔊 Ní raibh se i bhfad amuigh nuair a tháinig fear sí go dtí é. 🔊 Thug an fear sí leis é go dtí a theach. 🔊
"Cén fáth go bhfuil tú á mo thabhairt leat?" 🔊 arsa fear Uachtar Aird. 🔊
"D'fhiafraigh tú dom é agus inseoidh mé duit anois. 🔊 Tá muid féin agus dream sí uile ag súil bualadh báire a imirt amárach agus teastaíonn fear amháin eile uainn, le dream againn ag dul ag imirt báire. 🔊
"Tá go maith" arsa fear Uachtar Aird, "tiocfaidh mé in éineacht leat agus fáilte." 🔊
Lá arna-mhárach ba leis an dream sí a bhí fear Uachtar Aird seo, agus ba acu a bhí an bua. 🔊 Ansin d'fhág na síoga beannacht ag fear Uachtar Aird, agus thosaigh siad ag imeacht uaidh. 🔊 Sheas gach uile síog amach agus dúirt sé "caipín ormsa." 🔊 Ansin d'imigh leis ins an aer. 🔊 Bhí chuile cheann de na síoga imithe, agus fear Uachtar Aird fágtha ansin. 🔊 "Caipín ormsa" a deir an fear, agus d'imigh sé i ndiadh na síoga. 🔊 D'imigh leo go Cúige Uladh. 🔊 D'imigh leo isteach i dteach mór agus rinne siad ionradh ar dhá phobail agus iad ag goid as. 🔊
Ar maidin ní raibh sa teach mór ach fear Uachtar Aird. 🔊 Rugadh air agus caitheadh isteach i bpriosún é. 🔊
Lá arna-mhárach ceanglaíodh de charr é lena chrochadh, mar ní raibh aon deis ann le duine a chrochadh an t-am sin. 🔊 Chuaigh bean thart. 🔊 Ba bhean sí í. 🔊 Chonaic sí an fear bocht. 🔊 D'iarr sí cén fáth go raibh siad ag dul á chrochadh. 🔊 D'inis siad di an rud a bhí déanta as bealach aige. 🔊 Ansin dúirt sise nár cheart é a crochadh. 🔊 Dúirt an dream gur cheart. 🔊
"Tabharfaidh mise", arsa an bhean, "céad punt ach gan é a chrochadh." 🔊
Ní ghéillfeadh an dream a bhí ag dul dhá chrochadh di. 🔊
"Tabharfaidh mé dhá chéad punt mar sin díobh", a deir sí, ach ní ghéillfeadh siad. 🔊
"Tabharfaidh mé trí chéad díobh mar sin", ach fós ní ghéillfeadh siad. 🔊
"Má tá sibh ag dul á chrochadh,ba cheart díobh caipín a chur air" arsa an bhean. 🔊
"Caipín ormsa" a deir fear Uachtar Aird. 🔊 D'imigh leis ansin san aér, agus í féin agus an carr go hUachtar Ard, agus chaith an carr chuig bhliana déag ag obair aige, go h-am a briseadh é. 🔊
Á aithris ag Siobhán Bairéad, Cúntóir Teanga. 🔊
Scéal faighte ó Bhailiúchán na Scol. 🔊 Seo scéal ó Scoil Éinne, an Spidéal. 🔊 Ba e Liam Ó Gráinne, Doire Lochán Thiar, a d'inis an scéal don scolaire a scríobh é. 🔊
Le caoinchead ó Duchas.ie 🔊