Brian Bréagach 🔊

 

Bhí fear ina chónaí fadó i gCill Bhrighde. 🔊 Brian Bréagach an t-ainm a bhí air. 🔊 Bhí teach beag aige féin agus ag a bhean ag bárr an chnuic. 🔊 raibh de shlí beatha aige ach ag díol poitín. 🔊 Bhí capall breá glas aige agus bhíodh aige ag díol an phoitín. 🔊

 

Chuaigh amach, agus chonaic na gárdaí é, agus lean siad é go dtí an teach. 🔊 Nuair a bhí in aice an tighe, d'isligh den chapall agus chaith cúpla punt i n-aoileach an chapaill, agus dúirt leis na gárdaí go raibh an capall lán d'airgead. 🔊 Thug na gárdaí deich bpunt uirthi ag ceapadh go mbeadh siad saibhir go brách, ach pingin leith-phingin bhfuair siad. 🔊

 

Nuair a tháinig siad chuige le príosúnach a dhéanamh dhe, bhí giorria aige, agus dúirt go mba é an teachtaire a b'fhearr a bhí aige riamh, go mbíodh ag iompar airgid go dtí an siopa dhó. 🔊 Thóig na gárdaí an giorria agus cheangail siad cupla punt faoi na mhuineál, agus chuir chuig an siopa é ach níor facthas arís é. 🔊

 

Bhí siad le Brian a chrochadh ansin, ach bhí plean eile aige. 🔊 Nuair a chuala an scéal, mharaigh coileach, agus cheangail máilín faoi mhuineál na mná agus líon le fuil na coiligh é. 🔊 Bhí a bhean le hais na tine nuair a bhuail na gárdaí isteach. 🔊 Dúirt go maródh a bhean, agus go ndéanfadh beo arís í. 🔊 Fuair scian agus gheárr an máilín, agus thit an bhean marbh. 🔊 Thosaigh ag feadail ansin agus d'éirigh an bhean suas. 🔊 Chuaigh na gárdaí abhaile, agus rinne siad an cleas céanna le na gcuid mná ach níor fhéad siad iad a dhéanamh beó arís. 🔊

 

Cheap na Gardaí Brian a bhá faoin gcleas seo. 🔊 Bhuail siad isteach ag Brian agus bhuail siad síos i mála é agus thugadar suas go Gaillimh é lena bhá sa bhfarraige. 🔊 Nuair a bhí siad leath-bealaigh suas, chonaic siad giorria bacach. 🔊 Lean siad é agus an mála a raibh Brian istigh ann, chaith siad uatha é. 🔊

 

Bhí fear ag dul chuig an margadh agus chonaic Brian sa mála. 🔊 D'fhiafhraigh raibh ag dul. 🔊 Dúirt Brian go raibh ag dul go na Flaithis. 🔊 Chuaigh an fear eile isteach sa mála agus dúirt le Brian na beithigh a dhíol. 🔊 Thóg na gárdaí an mála arís agus níor stop siadgo ndeacha siad go dúg na Gaillimhe. 🔊 Chaith siad an mála amach sa bhfarraige, agus d'imigh siad abhaile. 🔊 Bhí siad scaitheamh amach ón mbaile mór nuair a casadh dóibh Brian agus na beithigh aige. 🔊 Cheistigh siad é, agus dúirt go bhfuair na beithigh amuigh sa bhfarraige agus go raibh go leor fágtha fós ann. 🔊 Níor chreid siad an uair seo é agus leig siad abhaile é. 🔊

 

Scríofa ag: Máirtín Ó Conroigh 🔊

Foinse eolas: Máirtín Ó Conroigh (aois 68), An Cheathrú Caol 🔊