Bodach an Chóta Lachtna

 

Seo scéal Fiannaíochta ina bhfuil sean saol na págántachta agus an laochais ag bualadh le saol nua na Críostaíochta. 🔊 Caoilte fágtha i ndiaidh na Féinne agus buaileann le Naomh Pádraig. 🔊 Eachtraíonn Caoilte scéalta éagsúla faoin saol a bhí ag Fionn agus ag na Fianna. 🔊

Tagann eachtrannach don tír isteach agus é ag iarraidh an áit a chur faoi chíos. 🔊 Tugann dúshlán Fhinn agus socraíonn siad rás idir an t-eachtrannach, Caol Mac an Iarainn, agus an laoch ba fhearr a bhí ag na Fianna. 🔊 Ba é Caoilte an reathaí ab fhearr acu ach raibh ar an láthair agus chuaigh Fionn á lorg. 🔊 Ar an slí bhuail Fionn le fear gioballach, gágach le cosa fada air. 🔊 Dúirt an strainséir seo go dtabharfadh féin faoin rás a bhí le dul ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊 Insíonn an scéal greannmhar seo faoi na heachtraí a bhain díobh le linn an ráis. 🔊 Buann laoch na Féinne gan stró agus díbríonn Caol an Iarainn as an tír. 🔊 Faigheann siad amach sa deireadh gurbh é Manannán Mac Lir, Dia na farraige de chuid Tuaithe Danainn, an a tháinig i gcabhair ar na Fianna. 🔊

Athchóiriú ar an leagan den scéal a bhí ag Niall Ó Domhnaill atá anseo (Seanchas na Féinne, Oifig an tSoláthait, 1942). 🔊

 

"An raibh dúil sa ghreann agaibh, a Chaoilte?" 🔊 arsa Pádraig. 🔊

"Greann a d'fhág ár saol suáilceach", arsa Caoilte. 🔊

"Beannacht ort, ba dheas linn scéal greannmhar uait", arsa Pádraig. 🔊

Ansin d'inis Caoilte an scéal faoi Bhodach an Chóta Lachtna don lucht éisteachta. 🔊

 

aonaigh agus oireachtais a bhí ag na Fianna i mBinn Éadair. 🔊 Chonaic siad long chucu faoi lánseol thar an bhfarraige anoir. 🔊 Nuair a bhuail port tháinig gaiscíoch mór amháin amach asti le crann a shleá agus léim isteach ar ghealghaineamh na trá. 🔊 Tháinig i láthair Fhinn faoi arm is faoi éide. 🔊

"Cé thú féin de fhuil uaisle anuaisle an domhain?" 🔊 arsa Fionn. 🔊

"Is mise Caol an Iarainn, mac na Teastáille," ar sisean go borb. 🔊

"Níor fhág inis oileán ó d'fhág mo thír féin nár chuir faoi chíos mo chlaidhimh iad agus is mian liom cíos na críche seo a fháil anois fear a chloífeas ." 🔊

"Ní fhacamar an ghaiscíoch riamh nach raibh fear sna Fianna a chloífeadh é," arsa Conán Maol. 🔊

"Níl agatsa ach glór amadáin," arsa Caol an Iarainn, "agus mbeadh a raibh sna Fianna riamh in éineacht lena bhfuil ann faoi láthair, bhfaighfí fear ina measc a chloífeadh mise. 🔊 Ach déanfaidh níos fearr sin libh. 🔊 an laoch amháin agaibh atá in ann an lámh in uachtar a fháil ormsa i rith, i gcomhrac i gcoraíocht dhéanfaidh níos buartha daoibh ach fillfidh ar mo thír féin." 🔊

"Cé acu de na trí nithe sin ba fhearr leat a fheiceáil?" 🔊 arsa Fionn. 🔊

"An bhfuil aon laoch agaibh a sháródh sa rásaíocht ?" 🔊

"Caoilte Mac Rónáin an fear reatha is fearr atá againn," arsa Fionn, "ach níl i láthair. 🔊 Rachaidh mise ar a lorg agus muna bhfaighidh i dTeamhair é, gheobhaidh i gCéis Chorainm é." 🔊

"Maith go leor," arsa Caol an Iarainn. 🔊

raibh Fionn i bhfad imithe gur bhuail isteach i gcoill aimhréidh a raibh cosán ag dul tríthi. 🔊 Chonaic an fear mór buí ag siúl roimhe agus cóta lachtna síos go colpa ar a dhá chos. 🔊 Ba chosúil le crann seoil loinge gach cos den chos a bhí faoi agus ba chosúil le taobh báid gach bróg den bhróg a bhí air. 🔊 Bhí crios dóibe in íochtar a chóta lachtna agus raibh aon choischéim dar shiúil nár bhuail an t-íochtar dóibe mar a bheadh tonn ar chúl a chosa é agus raibh aon uair mbogfadh a bhróga nach gcuirfeadh bairille puitigh suas lena mhása. 🔊 D'fhéach Fionn air le hiontas mar fhaca a leithéid riamh roimhe sin. 🔊

"A Fhinn Mhic Cumhaill, an é go bhfuil imithe ar strae anseo?" 🔊 arsa an Bodach. 🔊

D'inis Fionn go raibh ar lorg Chaoilte le dul i gcomórtas rásaíochta le Caol an Iarainn. 🔊

"Muise is duine gan ríocht thú más é Caoilte Mac Rónain an duine is fearr atá agat", arsa an Bodach, "ach nglacfá liomsa chloífinn duit é". 🔊

"Is dóigh liom go bhfuil do dhóthain le déanamh agatsa do chóta, do bhróga is fhéin a iompar gan dul i gcomórtas le héinne eile", arsa Fionn, "ach más maith leat ábhar gáire a thabhairt dúinn, seo leat". 🔊

Nuair a d'fhill siad ar Bhinn Éadair bhailigh iomlán na bhFéinne thart ar Bhodach an Chóta Lachtna le hiontas agus dúirt Caol an Iarainn nach náireodh é féin ag coimhlint lena leithéid de bhodach smeartha. 🔊 Ach rinne an Bodach gáire garbh a chuir fearg air agus ansin d'aontaigh dul sa rás leis ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊

Tháinig an bheirt acu go Sliabh Luachra le luí na greine agus le tosú sa rás an mhaidin dar gcionn. 🔊

"B'fhearra dhúinn bothán oíche a dhéanamh dúinn féin", arsa Bodach an Chóta Lachtna. 🔊

"Ní chuirfidh mise saothar botháin orm féin ar Shliabh Luachra ar mhaithe le hoíche amháin," arsa Caol an Iarainn. 🔊

"Maith go leor," arsa an Bodach, "déanfaidh mise bothán dom féin, ach is fada amach a bheidh an nach gcabhróidh liom". 🔊

Chuaigh an Bodach isteach sa choill agus bhailigh adhmaid chun díon a chur suas agus ansin chuir luachra air. 🔊 Ansin chuir tine mhór ar urlár an . 🔊

"A mhic na Teastáille," as seisean, "an gcabhróidh liom béile na hoíche a sheilg?" 🔊

"Ní raibh riamh gan lucht freastail le bia a sholáthar dom agus rachaidh ag seilg le do leithéidse anocht," arsa Caol an Iarainn. 🔊

"Déan do chomhairle fhéin," arsa an Bodach agus d'imigh leis isteach sa choill agus d'ardaigh scata de mhuca fiáine. 🔊 Mharaigh an torc ba mhó acu agus thug leis ar a dhroim é ar ais go dtí an bothán. 🔊 Chóirigh an fheoil agus chuir ar an tine ar bhior í. Chuaigh go teach Inse Coinn ansin agus sciob leis dhá bhairille fíona agus a raibh de arán san áit. 🔊 Nuair a d'fhill bhí an fheoil rósta. 🔊

D'ith leath an toirc agus leath an aráin agus d'ól bairille fíona. 🔊 Ansin scaip brat luachra ar an urlár agus chodail go héirí na gréine. 🔊

Tháinig Caol an Iarainn chuige ar maidin tar éis a bheith amuigh ar thaobh an tsléibhe gan bhia gan chodladh agus dhúisigh Bodach. 🔊

"Éirigh, a Bhodaigh," ar seisean, "tá in am dúinn tosú sa rás". 🔊

Chuimil an Bodach a bhos shúile. 🔊

"Tá uair a'chloig codlata le déanamh agamsa fós," ar seisean. 🔊 "Má deifir ortsa ag imeacht agus beidh i do dhiaidh." 🔊

D'imigh Caol an Iarainn go tromchosach sa rás agus eagla air faoin neamhshuim a rinne an Bodach de. 🔊

D'éirigh Bodach an Chóta Lachtna nuair a bhí a dhóthain codlata aige. 🔊 D'ith an leath eile den torc agus d'ól an bairille eile fíona. 🔊 Chuir cnámh na muice i mbinn a chóta agus d'imigh leis sa tóir ar Chaol an Iarainn mar a bheidh gaoth fhuar na Márta ag teacht ón gcnoc. 🔊

Tháinig se suas le Caol an Iarainn sa tslí agus chaith se an chámh chuige. 🔊

"Má ocras ort cogain ar na cnámha sin," ar seisean. 🔊

"Chrocfainn thú, a Bhodaigh, sula n-íosfainn d'fhuílleach," arsa Caol an Iarainn. 🔊

"Muise mór duit deifir a dhéanamh," arsa an Bodach. 🔊 Agus leis sin bhailigh leis mar ghealt go dtí gur chuir deich míle fichid thairis . 🔊 Chrom ansin ar na driseacha a bhí ar an thaobh den bhealach agus bhí ag ithe sméar go dtí gur tháinig Caol an Iarainn suas leis. 🔊

"A Bhodaigh," arsa Caol an Iarainn, "d'fhág binn do chóta ar na driseacha san áit ar ghabh tharam tamall ó shin." 🔊

Thug an Bodach súil siar ar a chóta agus bhí binn an chóta stróicthe de. 🔊

"Fan anseo ag ithe sméar go bhfaighe é," ar seisean. 🔊

"Ní fhanfaidh é," arsa Caol an Iarainn. 🔊

"Muise, gluais leat mar sin," arsa an Bodach agus d'fhill sa tslí go bhfuair binn a chóta agus d'fhuaigh ar ais é. 🔊 Níor chuir cos amú ansin gur tháinig suas le Caol an Iarainn in athuair. 🔊

"A Chaoil an Iarainn," ar seisean," ba cheart duit deifir a dhéanamh más maith leat ard-chíos na hÉireann a fháil, mar fhillfidh mise arís." 🔊

D'imigh leis ansin mar a bheadh gaoth fhuar na Márta ann agus dhearna stop staonadh gur shroich mullach cnoic a raibh Binn Éadair le feiceáil uaidh. 🔊 Chrom ansin ag baint sméar agus nuair a bhí a dhóthain ite aige bhain a chóta de, d'fhuaigh an t-íochtar go ndearna sac de agus líon go béal é le sméara dubha. 🔊 Nuair a bhí sin déanta aige bhí smeartha ó bhonn go baitheas le sméar. 🔊 Chuir an sac ar a ghualainn agus ghluais leis go Binn Éadair. 🔊

Bhí fear faire amuigh ag Fionn ó mhaidin le scéal a thabhairt chuige a luaithe is a d'fheicfeadh na reathaithe ag teacht. 🔊 Nuair a chonaic an fear dubh ag teacht i mbéal an chnoic agus sac an chóta lachtna ar a ghualainn rith go Fionn á go raibh Caol an Iarainn ag teacht agus an Bodach marbh leis. 🔊

"Culaith airm agus éide don a bhéarfaidh scéal níos fearr sin chugainn," arsa Fionn. 🔊

Chuaigh na Fianna i dtreo an Bhodaigh go dtí gur aithin siad é agus bhailigh siad thart air go lúcháireach. 🔊

"Inis do scéal dúinn," ar siad. 🔊

"Tá ocras orm," ar seisean, "agus fanaigí go n-íosfaidh mo dhóthain sméar agus mine. 🔊 na sméara agam féin ach tugaigí an mhin chugam." 🔊

Leagadh brat ar an talamh agus cuireadh carn mine ina lár. 🔊 Dhoirt an sac sméar isteach sa mhin agus d'ith lámha é. 🔊

Níorbh fhada go bhfaca siad Caol an Iarainn chucu, é ar deargbhuile agus a chlaíomh ina láimh. 🔊 Thóg an Bodach lán a dhoirn den bhia agus thug urchar sa leiceann gur chas a cheann ar a mhuineál. 🔊

"A Chaoil an Iarainn," ar seisean, "nárbh olc an mhaise duit a cheapadh go mbeadh ard-chíos Éireann agat! 🔊 Ach bheidh le ag Fianna Éireann gur chuir siad aon laoch chun bháis. 🔊 Ar an ábhar sin ligfear d'anam leat thugann an ghrian is an ghealach ort féin cíos na Teasáille a chur chuig Fionn gach bliain." 🔊

"Beirim grian is gealach orm féin," arsa Caol an Iarainn. 🔊

Leis sin rug an Bodach ar a chorp, thug síos chun na trá é, d'fhág ina shuí istigh sa long é agus a aghaidh siar ar a dhroim. 🔊 Ansin thug cos i ndeireadh na loinge agus chuir seacht léige i bhfarraige í.

Ar filleadh do Bhodach an Chóta Lachtna ón trá las gaoth agus grian ina thimpeall agus d'aithin Fionn agus na Fianna gur Manannán Mac Lir a tháinig i gcabhair orthu. 🔊 Chuir siad fáilte roimhe agus rinne siad fleá agus féasta in onóir . 🔊