Seanchas Na Féinne (Oifig an tSoláthair, 1942) 🔊
(Tá an píosa seo bunaithe ar Silva Gadelica, Foras Feasa ar Éirinn, 2, Caib. 🔊✎ XLV. 🔊✎ Is minic sa Bhéaloideas gur le hOisín a bhíonn na comhráití ag Naomh Pádraig (Laoithe na Féinne, m.sh.) 🔊 ach sa chás seo is é Caoilte atá ann). 🔊
Chaith (Naomh) Pádraig an lá sin i bhfochair Chaoilte, gur mhínigh sé soiscéal Nimhe dó. 🔊✎ Ansin chuir sé an tonn bhaiste air. 🔊✎
Chuir Caoilte a lámh i mbos a scéith agus thug amach trí chaoga unsa de dhearg-ór gur bhronn ar Phádraig é. 🔊✎
"Tuarastal deiridh Fhinn domsa é sin", ar seisean. 🔊✎ "Cuirse é le rath m'anama agus le rath anam Rí na Féinne". 🔊✎ Thug Pádraig an t-ór dá lucht ceirde le cur mar chlúdach ar cheolán nó cloigín, ar shaltracha agus ar leabhair Aifrinn. 🔊✎
"Tiarna fial a bhí i bhFionn", arsa Pádraig. 🔊✎ "Agus caidé a choinnigh dea-bheatha libh nuair nach raibh eolas ar Shoiscéal Dé agaibh?" 🔊 arsa Pádraig. 🔊
"Glaine inár gcroí, neart inár lámha agus fírinne inár dteanga", arsa Caoillte. 🔊✎ "Bhímis inár gcónaí sna tithe ó Shamhain go Bealtaine agus amuigh faoi na caoillte agus ar na sléibhte ó Bhealtain go Samhain. 🔊✎ Bhí orainn cóir a chosaint agus éagóir a chosc do ríthe agus do thiarnaí na hÉireann. 🔊✎ Ar a shon sin ba linn féin seilg na tíre, an fheoil a bheith mar bhia againn agus na craicne mar thuarastal. 🔊✎ Ba linn mar an gcéanna baile i ngach tuath, teach i ngach baile agus coileán con nó gadhar i ngach teach". 🔊✎
"Agus caidé mar a dhéanadh sibh an tseilg, a fhir mhóir?" 🔊✎
"Shuíodh Fionn ina bhoth seilge i mullach cnoic de ghnáth agus scaipeadh na Fianna amach ar fud na dúiche timpeall air. 🔊✎ Bhí taoiseach naonuair i gceannas ar gach buíon, dhá shleagh agus scian ag gach fear agus cú nó gadhar ar iall. 🔊✎ Chuiridís fáinní seilge ar na coillte agus na tulacha agus thiomáinidís beithigh allta na tíre isteach rompu. 🔊✎ Chóiridís líontáin idir crainn leis na mionbheithigh a cheapadh agus ghléasadh gach fear é féin leis na beithigh mhóra a mharú dá mbrisfidís amach as an bhfáinne. 🔊✎ Ansin scaoilidís orthu an chonairt go ndúiseoidís an damh, an fia, an mhuc, an giorria, an sionnach agus an broc. 🔊✎ Ba bhinne ná gach ceol, a Chléirigh, gáir na bhfear ag seilg na conairte agus scread na na gcon ar thóir na seilge go mbíodh smut gadhair agus lámh laoich dearg le fuil, beithigh ina luí marbh agus giollaí faoi ualach ag cruinniú an áir". 🔊✎
"Ní ithimís ach aon phroinn sa lá agus sin tráthnóna. 🔊✎ Chuirtí na giollaí le cuid den seilg go tulaigh éigin a bheadh i gcomhair tine agus uisce. 🔊✎ Lasaidís tinte móra ansin agus chruinnidís moll cloch le deargadh iontu. 🔊✎ Dhéanaidís dhá pholl nó clais sa talamh i gcré bhuí agus líonaidís le huisce iad. 🔊✎ Ansin ghléasaidís cuid den fheoil ar bhearacha adhmaid, dá bruit leis an tine agus an chuid eile ina dlaoithe le súgáin agus chuiridís san uisce í sa chlais ba mhó den dá chlais. 🔊✎ Bhídís ag cur na gcloch dearg as na tinte isteach san uisce agus ag baint gaile as go mbíodh an fheoil bruite acu. 🔊✎ B'shin, a Phádraig, an giollacht bia a dtugaimis Fulacht Fiadh air". 🔊✎
"Chruinníodh na laochra ar an tulach agus níodh gach uile fhear acu a cheann agus a chorp sa dara clais go mbaineadh sé an t-allas de. 🔊✎ Ansin bhidís ag cuimilt na n-alt agus a gcuislí go gcuiridís a dtuirse díobh agus chaithidís a bproinn ina dhiaidh sin". 🔊✎
"Thógaidís botháin agus chóiridís leapacha le teacht na hoíche. 🔊✎ Bhí trí nithe as a ndéanadh gach fear a leaba. 🔊✎ Chuireadh sé géaga beaga ó bharr na gcrann in íochtar le bheith idir é féin agus taise an talaimh. 🔊✎ Chuireadh sé caonach os a chionn sin le bheith bog faoi agus luachair úr in uachtar le bheith mín in aice a choirp. 🔊✎ B'shin iad trí cuilce na Féinne". 🔊✎
"Maith, m'anam", arsa Pádraig. 🔊✎
"Aithris anois dúinn na coinníollacha a bhí ar na Fianna, a Chaoilte". 🔊✎
Ceithre choinníoll a bhí ar gach fear:
Gan spré a ghlacadh le bean ach í a thógáil ar a dea-bhéasa agua ar a tréithe. 🔊
Gan olc a dhéanamh ar bhean. 🔊✎
Gan duine a dhiúltú faoi mhaith ná faoi bhia. 🔊✎
Gan teitheadh roimh naonúr laoch i dtroid. 🔊✎
Deich gcoinníoll eile a chuir Fionn ar gach ábhar Féinne:
Slánadh a fháil óna athair agus óna mháthair, óna ghaolta agus óna chine nach n-agróidís a bhás go brách ar aon duine dá marófaí é a fhad a bheadh sé sna Fianna. 🔊
Eolas a bheith aige ar dhá leabhar déag filíochta. 🔊✎
Sciath agus bata coill a thabhairt leis agus seasamh i log talaimh go gcaithfeadh naonúr laoch a sleátha naoi n-uaire leis in éineacht, agus dá loitfeadh urchar sleá é thar a sciath agus a bhata coill, ní raibh glacadh sna Fianna leis. 🔊✎
A fholt a réiteach sa choill agus gan ach aon chrann amháin a ligean idir é féin agus laochra a thóra. 🔊✎ Leanfadh a naonúr laochra é le sleátha. 🔊✎ Ní raibh glacadh ansin leis:
Dá ligfeadh sé a loit le hurchar sleá. 🔊
Dá ligfeadh sé crith ar a arm ina láimh. 🔊✎
Dá mbainfeadh craobhacha na coille dlaoi dá chuid gruaige. 🔊✎
Dá mbrisfeadh sean-chrann faoina chos. 🔊✎
Ina dhiaidh sin féin ní raibh glacadh leis:
Go léimfeadh sé thar ghéag a bhí chomh hard lena héadan. 🔊
Go gcromfadh sé faoi ghéag a bhí chomh híseal lena ghlúin. 🔊✎
Go mbainfeadh sé dealg as a chos gan toirmeasc reatha. 🔊✎
Dá ndéanfadh sé é sin uile chaithfeadh sé móid a thabhairt go mbeadh sé umhal urramach do Rí na Féinne agus ansin ghlacfadh Fionn sa bhFiannaíocht é. 🔊✎