is

Is ar oileán Thoraigh a bhí a dhún ag Balor. 🔊

Ba chosúil le Cioclóip na Gréige é sa mhéad is go raibh súil amháin aige i lár a éadain agus bhí an dara súil aige ar chúl a chinn. 🔊

gur leor straicfhéachaint ón tsúil ar chúl a chinn chun duine a mharú ba mhíle uair níos measa an tsúil eile - an tsúil nimhneach mar a thugtaí uirthi. 🔊

Nuair a bhain an chéad cheann thosaigh an fraoch ag feo; leis an dara ceann tháinig dath donn ar an bhféar; leis an tríú ceann tháinig teas isteach sna crainn agus sna coillte; leis an gceathrú ceann d'éirigh deatach ó na crainn; leis an gcúigiú ceann tháinig dath na fola ar an dúiche; leis an séú ceann spréach ach leis an seachtú ceann bhí an lasóg sa bharrach ó cheann ceann na háite. 🔊

Ba dia é Balor ar mhuintir na Fothmhuire. 🔊

Dream a tháinig ó íochtar na farraige isteach ba ea na Fothmhuireáin agus dheinidís creach agus círéib ar thailte na hÉireann. 🔊

Ba iad an Tuatha Danann cosantóirí na tíre ag an am. 🔊

Nochtaíodh tairngreacht do Bhalor gurbh é an chríoch a bheadh leis go maródh mac a iníne é. raibh aige ach iníon amháin, Ethniú, agus lena chinntiú nach mbeadh aon mhac aici chuir í i ndún sa Tor ,r an bheann ba airde agus ba dheacra ionsaí ar oirthear Thoraigh. 🔊

Mar ba dhual lean Balor air lena chreacha agus thógadh ainmhithe agus sclábhaithe ón mórthír isteach go Toraigh. 🔊

Ba é an Taoiseach ar na Tulacha Beigile, ceantar atá idir Gort a'Choirce agus Gaoth Dobhair, Mac Ceannfhaola. 🔊

Bhí an bhó bhainne ab fhearr riamh aige seo ar ar tugadh Glas Gaibhnenn. 🔊

Thug Mac Ceannfhaola an bhó leis, áfach, in aon áit a raibh ag dul agus ligfeadh as a radharc í. Bhí deartháir aige darbh ainm Gobniú, gabha a raibh ceárta aige i nDroim na Tine. 🔊

Bhí Balor ag faire air seo agus thapaidh an deis. 🔊

D'inis an Draoi do Bhalor gurbh é Mac Ceannfhaola athair na bpáistí. 🔊

Ar a chlos sin bhailigh chuige a chuid laochra agus thug aghaidh ar an mhórthír. 🔊

Cloch Cheannfhaola a tugadh ar an chloch ar ar maraíodh Mac Ceannfhaola agus sin é an t-ainm atá ar an pharóiste fós. 🔊

Tar éis Mac Ceannfhaola agus a mhuintir a mharú cheap Balor go bhféadfadh an ceann ab fhearr a fháil ar an tairngreacht agus thugadh cuairt ar an mórthír agus ar cheárta Ghobniú . 🔊

Is anseo a bhuaileadh le mac a iníne agus gan a fhios aige céarbh é go díreach. 🔊

mise a chum a cheap. 🔊

An leagan seo den scéal bunaithe ar Stray Donegal Folklore, Folklore Journal, 5 (1), lch 66-68, 1887. 🔊

Frequency index

Alphabetical index