← Is ar oileán Thoraigh a bhí a dhún ag Balor. 🔊✎
← Ba chosúil le Cioclóip na Gréige é sa mhéad is go raibh súil amháin aige i lár a éadain agus bhí an dara súil aige ar chúl a chinn. 🔊✎
← Cé gur leor straicfhéachaint ón tsúil ar chúl a chinn chun duine a mharú ba mhíle uair níos measa an tsúil eile - an tsúil nimhneach mar a thugtaí uirthi. 🔊
← Nuair a bhain sé an chéad cheann thosaigh an fraoch ag feo; leis an dara ceann tháinig dath donn ar an bhféar; leis an tríú ceann tháinig teas isteach sna crainn agus sna coillte; leis an gceathrú ceann d'éirigh deatach ó na crainn; leis an gcúigiú ceann tháinig dath na fola ar an dúiche; leis an séú ceann spréach sé ach leis an seachtú ceann bhí an lasóg sa bharrach ó cheann ceann na háite. 🔊✎
← Ba Rí nó dia é Balor ar mhuintir na Fothmhuire. 🔊✎
← Dream a tháinig ó íochtar na farraige isteach ba ea na Fothmhuireáin agus dheinidís creach agus círéib ar thailte na hÉireann. 🔊✎
← Ba iad an Tuatha Dé Danann cosantóirí na tíre ag an am. 🔊✎
← Nochtaíodh tairngreacht do Bhalor gurbh é an chríoch a bheadh leis ná go maródh mac a iníne é. Ní raibh aige ach iníon amháin, Ethniú, agus lena chinntiú nach mbeadh aon mhac aici chuir sé í i ndún sa Tor Mó,r an bheann ba airde agus ba dheacra ionsaí ar oirthear Thoraigh. 🔊
← Mar ba dhual dó lean Balor air lena chreacha agus thógadh sé ainmhithe agus sclábhaithe ón mórthír isteach go Toraigh. 🔊✎
← Ba é an Taoiseach ar na Tulacha Beigile, ceantar atá idir Gort a'Choirce agus Gaoth Dobhair, ná Mac Ceannfhaola. 🔊✎
← Bhí an bhó bhainne ab fhearr riamh aige seo ar ar tugadh Glas Gaibhnenn. 🔊✎
← Thug Mac Ceannfhaola an bhó leis, áfach, in aon áit a raibh sé ag dul agus ní ligfeadh sé as a radharc í. Bhí deartháir aige darbh ainm Gobniú, gabha a raibh ceárta aige i nDroim na Tine. 🔊
← Bhí Balor ag faire air seo agus thapaidh sé an deis. 🔊✎
← D'inis an Draoi do Bhalor gurbh é Mac Ceannfhaola athair na bpáistí. 🔊✎
← Ar a chlos sin dó bhailigh sé chuige a chuid laochra agus thug aghaidh ar an mhórthír. 🔊✎
← Cloch Cheannfhaola a tugadh ar an chloch ar ar maraíodh Mac Ceannfhaola agus sin é an t-ainm atá ar an pharóiste fós. 🔊✎
← Tar éis dó Mac Ceannfhaola agus a mhuintir a mharú cheap Balor go bhféadfadh sé an ceann ab fhearr a fháil ar an tairngreacht agus thugadh sé cuairt ar an mórthír agus ar cheárta Ghobniú . 🔊
← Is anseo a bhuaileadh sé le mac a iníne agus gan a fhios aige céarbh é go díreach. 🔊✎
← Ní mise a chum ná a cheap. 🔊✎
← An leagan seo den scéal bunaithe ar Stray Donegal Folklore, Folklore Journal, 5 (1), lch 66-68, 1887. 🔊✎