← Tá sé seo ag tarlú ó thús na réabhlóide tionsclaíochta nuair a thosaigh na monarchana móra ag dó breosla iontaise chun a gcuid táirgí a chruthú. 🔊
← Is ag éirí níos measa atá sé ó shin i leith. 🔊
← Ní thabharfá faoi deara an difríocht idir ocht gcéim déag agus fiche céim dá mbeifeá amuigh faoin aer lá breá samhraidh ach déanann sé difríocht mhór don domhan ina iomlán. 🔊