← Séanann na daoine seo go bhfuil aon athrú bunúsach ag teacht ar an aeráid nó má tá, gur feiniméan nádúrtha é nach bhfuil aon neart againn air. 🔊
← Mar sin níl le déanamh againn, dar leo siúd, ach treabhadh ar aghaidh mar atáimid agus ár dtoil a chur le toil Dé - más ann Dó nó Di nó Dóibh. 🔊
← Níl aon deireadh le líon na gcarranna atá ar na bóithre againn ná le líon ná n-eitleán a thagann agus a imíonn ó na haerphoirt. 🔊
← Tá cleachtadh maith againn ar an gcompord a bhaineann le modhanna saoráideacha taistil, le feoil atá réasúnta saor agus le déantúsaíocht phlaisteach de gach saghas agus tá an-leisce orainn iad a scaoileadh uainn. 🔊
← Táthar á thuar go n-ardóidh leibhéal na farraige le go mbeidh na machairí agus na tránna breátha atá anois againn faoi uisce. 🔊
← Tá ár nósanna maireachtála faoi mar a bheadh fleadh agus féasta againn agus muid sásta ár bhfuillgháis a sceitheadh isteach san atmaisféar, rud a chuireann gaoth lenár gcúl chun muid a bhrú níos giorra fós don titim. 🔊