← Is beag lá a théann thart nach gcloisimid faoi thubaiste nó faoi thragóid uafásach a tharla i gcearn éigin den domhan de bharr na drochaimsire - tuilte anseo, tinte ansiúd agus triomach nó stoirmeacha san áit eile. 🔊
← Tá daoine ann a deir gur tharla a leithéid seo riamh anall agus nach bhfuil ann ach go gcloisimid níos mó faoi na laethanta seo de bharr na réabhlóide atá tagtha ar chúrsaí cumarsáide. 🔊
← Is é bunús na faidhbe ná an méid dé-ocsaíde carbóin, meatáin agus gás ceaptha teasa eile a scaoilimid isteach san atmaisféar. 🔊
← Tá sé seo ag tarlú ó thús na réabhlóide tionsclaíochta nuair a thosaigh na monarchana móra ag dó breosla iontaise chun a gcuid táirgí a chruthú. 🔊
← Táthar á thuar go n-ardóidh leibhéal na farraige le go mbeidh na machairí agus na tránna breátha atá anois againn faoi uisce. 🔊
← Tá an domhan agus a bhfuil ann ar imeall na haille agus é ag féachaint isteach sa duibheagán sin nach dtuigeann aon duine beo. 🔊