Is beag lá a théann thart nach gcloisimid faoi thubaiste nó faoi thragóid uafásach a tharla i gcearn éigin den domhan de bharr na drochaimsire - tuilte anseo, tinte ansiúd agus triomach nó stoirmeacha san áit eile. 🔊 Tá daoine ann a deir gur tharla a leithéid seo riamh anall agus nach bhfuil ann ach go gcloisimid níos mó faoi na laethanta seo de bharr na réabhlóide atá tagtha ar chúrsaí cumarsáide. 🔊 Mar is eol dúinn scaipeann scéalta ar luas lasrach agus bíonn siad i mbéal an phobail láithreach bonn. 🔊 Séanann na daoine seo go bhfuil aon athrú bunúsach ag teacht ar an aeráid nó má tá, gur feiniméan nádúrtha é nach bhfuil aon neart againn air. 🔊 Mar sin níl le déanamh againn, dar leo siúd, ach treabhadh ar aghaidh mar atáimid agus ár dtoil a chur le toil Dé - más ann Dó nó Di nó Dóibh. 🔊
Ní hé seo an scéal atá ag formhór mór na saineolaithe aimsire agus aeráide, áfach. 🔊 Feictear dóibh go bhfuil an cine daonna ar tí an pláinéad a scrios agus muna ndéanaimid athruithe móra ar ár nósanna maireachtála go n-íocfaimid go daor as. 🔊 Ní shéanann siad gur tháinig agus go dtagann athrú ar an aeráid ach na hathruithe a thógadh cúpla céad bliain nó cúpla míle bliain, tá siad ag tarlú anois in achar an-ghearr, achar fiche bliain nó níos lú. 🔊 Níl ach an t-anró agus an anachain romhainn má leanaimid orainn mar atáimid faoi láthair, dar leo. 🔊
Is é bunús na faidhbe ná an méid dé-ocsaíde carbóin, meatáin agus gás ceaptha teasa eile a scaoilimid isteach san atmaisféar. 🔊 Tá sé seo ag tarlú ó thús na réabhlóide tionsclaíochta nuair a thosaigh na monarchana móra ag dó breosla iontaise chun a gcuid táirgí a chruthú. 🔊 Is ag éirí níos measa atá sé ó shin i leith. 🔊 Cé gur annamh a fheicfeá simléirí móra arda agus iad ag scaoileadh uatha deatach dubh nó smúit suas san aer sa taobh seo den domhan nílimid gan locht. 🔊 Níl aon deireadh le líon na gcarranna atá ar na bóithre againn ná le líon ná n-eitleán a thagann agus a imíonn ó na haerphoirt. 🔊 Anuas air sin tá an meatán atá ag teacht ó na hainmhithe (agus ó na daoine, go deimhin) ag cur leis an bhfadhb. 🔊 Tá cleachtadh maith againn ar an gcompord a bhaineann le modhanna saoráideacha taistil, le feoil atá réasúnta saor agus le déantúsaíocht phlaisteach de gach saghas agus tá an-leisce orainn iad a scaoileadh uainn. 🔊 Cá mbeimis gan ár gcarr, gan ár stéig agus ár laethanta saoire thar lear cúpla uair sa bhliain? 🔊
Tá an teocht domhanda tar éis ardú de 1.8 chéim a dhéanamh ó 1850. 🔊 Cheapfadh an gnáthdhuine gur beag sin. 🔊 Ní thabharfá faoi deara an difríocht idir ocht gcéim déag agus fiche céim dá mbeifeá amuigh faoin aer lá breá samhraidh ach déanann sé difríocht mhór don domhan ina iomlán. 🔊 Tá an t-oighear ag an Mol Thuaidh agus ag an Mol Theas ag leá ar luas nach bhfacthas riamh cheana. 🔊 Ní fios go díreach cén tionchar a bheidh ag a leithéid seo ar an aimsir, ar an bhfarraige agus ar an dúlra. 🔊 Tarlaíonn athruithe gan choinne agus baintear siar as na saineolaithe is fearr amuigh uaireanta. 🔊 Táthar á thuar go n-ardóidh leibhéal na farraige le go mbeidh na machairí agus na tránna breátha atá anois againn faoi uisce. 🔊 Ní hamháin sin ach beidh sciar maith dár gcathracha agus dár mbailte móra faoi uisce chomh maith. 🔊
Tá an domhan agus a bhfuil ann ar imeall na haille agus é ag féachaint isteach sa duibheagán sin nach dtuigeann aon duine beo. 🔊 Tá ár nósanna maireachtála faoi mar a bheadh fleadh agus féasta againn agus muid sásta ár bhfuillgháis a sceitheadh isteach san atmaisféar, rud a chuireann gaoth lenár gcúl chun muid a bhrú níos giorra fós don titim. 🔊 Is leasc linn stopadh agus caitheamh mar is ceart lenár dtimpeallacht. 🔊 Níl a fhios ag éinne beo an bhfuilimid ródhéanach chun an aeráid a athrú ar ais agus suáilcí an tsaoil a bhronnadh ar an gcéad ghlúin eile. 🔊