I mbaile álainn Hamelin bhí gach duine sona sásta. 🔊✎
Bhí na hainmhithe sona sásta freisin. 🔊✎
Ach lá amháin tháinig ainmhithe gránna go dtí an baile álainn. 🔊✎
"Francaigh!" 🔊✎ a bhéic muintir Hamelin. 🔊✎
"Francaigh! 🔊✎ Francaigh! 🔊✎ Beimid scriosta ag na francaigh ghránna." 🔊✎
Bhí gach duine trína chéile. 🔊✎
Léim na francaigh ghránna ar na boird. 🔊✎
Léim siad ar na cathaoireacha. 🔊✎
D'ith siad an chruithneacht agus an t-arán agus na cístí. 🔊✎
Bhí eagla ar na páistí dul a chodladh. 🔊✎
Bhí eagla ar na páistí dul amach ag súgradh. 🔊✎
Bhí eagla orthu dul ar scoil. 🔊✎
Bhí muintir Hamelin trína chéile. 🔊✎
Caithfidh tusa an ruaig a chur ar na francaigh ghránna seo." 🔊✎
"A chairde," arsa an Méara, "níl mé in ann an ruaig a chur ar na francaigh ghránna. 🔊✎ Ach tá mála óir agam don duine atá in ann é a dhéanamh." 🔊✎
"Mála óir!" 🔊 arsa an Píobaire Breac. 🔊✎
"A Mhéara, tá mise in ann an ruaig a chur ar na francaigh ghránna sin." 🔊✎
"Déan é," arsa an Méara, "agus beidh an mála óir agam duit." 🔊
Amach leis an bPíobaire ar an tsráid. 🔊✎
Chuir sé a phíb lena bhéal. 🔊✎
Sheas na daoine. 🔊✎ D'éist na francaigh. 🔊✎
Thosaigh an Píobaire ag siúl. 🔊✎
Lean francach amháin é. 🔊✎ Lean ceann eile é agus ceann eile. 🔊✎
Tháinig na francaigh anuas de na boird, anuas de na cathaoireacha, anuas de na leapacha. 🔊✎
Lean siad an ceol. 🔊✎ Lean siad an Píobaire. 🔊✎
Síos an tsráid leis an bPíobaire - síos, síos go dtí an abhainn. 🔊
Léim siad isteach san abhainn agus bádh iad. 🔊✎
Bádh gach ceann de na francaigh ghránna sin. 🔊✎
"Caithfidh mé imeacht anois," arsa an Píobaire leis an Méara. 🔊✎
"Tabhair dom an mála óir, le do thoil." 🔊✎
"Níl mála óir agam," arsa an Méara. 🔊✎
"Gheall tú mála óir dom," arsa an Píobaire leis an Méara. 🔊✎
"Bhris tú do gheall. 🔊 Beidh brón ort. 🔊✎ Beidh brón mór ort." 🔊✎
Amach leis an bPíobaire ar an tsráid. 🔊✎
Chuir sé an phíb lena bhéal. 🔊✎
Sheinn sé ceol éadrom meidhreach. 🔊✎
Amach ar an tsráid leis na páistí. 🔊✎
Lean siad an ceol meidhreach. 🔊✎
Bhéic na daoine agus scread siad: 🔊✎
"Stopaigí, a pháistí! 🔊 Stopaigí! 🔊 Tagaigí ar ais!" 🔊✎
Ach níor éist na páistí leo. 🔊✎
Amach as baile Hamelin leis an bPíobaire Breac. 🔊✎
Chonaic na páistí tír álainn. 🔊✎
Ar aghaidh leis an bPíobaire. 🔊✎ Ar aghaidh leis na páistí. 🔊✎
Chonaic Seáinín bacach an cnoc ag oscailt. 🔊✎
Chonaic sé an tír álainn ach dhún an cnoc roimhe. 🔊✎
Bhí sé ródhéanach. 🔊✎
Bhí a chairde imithe isteach sa chnoc. 🔊✎
"Ó bhó, bhó!" 🔊 arsa an Méara, "tá na páistí imithe." 🔊✎
"Tá," arsa Seáinín. 🔊✎ "Tá mo chairde imithe leis an bPíobaire Breac." 🔊✎
Scread muintir an bhaile agus bhéic siad ar an Méara. 🔊✎
"Cá bhfuil na páistí? 🔊✎ Cá bhfuil na páistí? 🔊✎
Caithfidh tú imeacht agus na páistí a fháil." 🔊✎
"Ó bhó, bhó," arsa an Méara, "caithfidh mé na páistí a fháil ar ais." 🔊✎
Ach cá bhfuil an tír álainn a chonaic Seáinín fadó, fadó? 🔊✎