← Lá dá raibh, bhí leon mór téagartha ann agus thit a chodladh air sa choill. 🔊
← Bhí a cheann mór groí leagtha ar a lapa aige agus é ar a sháimhín só. 🔊
← Bhí luchóg an-bheag ag dul thar bráid agus níor aithin sé gur leon mór a bhí ann. 🔊
← Tamall ina dhiaidh sin bhí an leon ag dul tríd an gcoill agus chuaigh sé i ngreim i líontán a bhí feistithe ag lucht seilge. 🔊
← Bhéic sé agus bhrúigh sé agus tharraing sé ach saothar in aisce a bhí ann dó. 🔊
← Bhí an líontán róláidir agus bhí sé i bhfastú. 🔊
← Chuala an luchóg an gháir agus d'aithin sé gurbh é an leon a scaoil saor é a bhí i gcruachás. 🔊
← Bhí tú ag gáire fúm ag an am ach féach mar is féidir le hainmhí chomh beag liomsa cabhrú le hainmhí atá chomh mór leatsa." 🔊