Bhí pictiúir gan fhuaim ag teacht ón teilifís i gcoirnéal an tseomra sa bheár seo i mBéal Feirste, a bhí lán ó chúl go doras. 🔊✎ D'amharc Jimmy ar na teidil a bhí ag teacht agus ag imeacht ón scannán roimh nuacht a naoi a chlog. 🔊✎ Bhain sé súimín beag as an phionta a bhí roimhe agus smaointigh sé ar an léirscrios a bheadh ina dhiaidh sa bhaile. 🔊✎
Bheadh Sarah, a bhean chéile, ag streachailt go crua ag iarraidh na páistí a chur a luí. 🔊✎ Chuirfeadh John, an duine ba shine acu, gasúr crua cadránta i gceann a cheithre mbliana, chuirfeadh sé ina héadan go deireadh, cé go mbeadh fáinní dearga fá na súile aige ar mhéad is a chuimil sé leis an tuirse iad. 🔊✎ Ach ní raibh amhras ar bith ar Jimmy cé aige a bheadh bua na bruíne. 🔊✎ Dá ndearcfadh sé ar an am a chuaigh thart, déarfadh geallghlacadóir ar bith go mbeadh an bua ag Sarah arís eile. 🔊✎
Mhothaigh Jimmy i gcónaí ciontach nuair a chuaigh sé a dh'ól lena chomrádaithe tráthnóna Dé hAoine nuair a bheadh obair na seachtaine déanta acu; agus ba mhíle ba mheasa é ó tháinig an cúpla ar an tsaol sé mhí ó shin. 🔊✎ Bhí a choinsias ag cur isteach chomh mór sin air is nach raibh pléisiúr dá laghad aige san oilithreacht sheachtainiúil go tobar Bhacais lena chomrádaithe. 🔊✎
Chan ea gur fear mór ólacháin a bhí riamh ann; níorbh ea. 🔊✎ Gan fiú a chairde féin nach dtug "fear ólta sú" air a mhéad is a chloígh sé leis an mheasarthacht i ngnoithe ólacháin. 🔊✎ Agus leis an fhírinne a dhéanamh, bhí oiread dúil sa chraic agus sa chuideachta aige is a bhí aige i gcaitheamh siar pointaí. 🔊 Ar ndóigh ba Sarah ba chúis le é a leanstan den chruinniú sheachtainiúil seo. 🔊✎ Ní ligfeadh an bród di bheith ar a athrach de dhóigh, nó níor lú uirthi an diabhal ná a chairde a rá go raibh sé faoi chrann smola aici. 🔊✎
Mar sin de, bhí a fhios ag Jimmy nár bheo dó a bheo dá dtigeadh sé na bhaile roimh an deich a chlog, nó dá ndéanfadh, bhéarfadh Sarah a sháith dó. 🔊✎ Bhí sé oibrithe amach ina intinn aige go raibh am aige le cur eile a chur ar clár agus ansin go dtiocfadh leis slán a fhágáil ag an chuideachta agus a bhealach a dhéanamh a fhad leis an Jasmine Palace, áit a dtiocfadh leis curaí a fháil dó féin agus chop suey do Sarah, cuid eile de dheasghnátha na hAoine. 🔊✎
"Anois, a fheara, an rud céanna arís?" 🔊✎
"Beidh ceann beag agam an t-am seo, murar miste leat, a Jimmy." 🔊✎
Tháinig aoibh ar bhéal Jimmy agus chlaon sé a cheann mar fhreagra. 🔊✎ Bhí a fhios aige go mbeadh Billy sa bheár go gcaithfí amach é nó bhí a bhean ar shiúl go Sasain a dh'amharc ar an ua da deireanaí dá gcuid. 🔊✎ Ar ndóigh, bhí Billy ag ceiliúradh an linbh úir i rith na seachtaine. 🔊✎ Tháinig an gaffer air le casaoid chrua fán dóigh a raibh sé ag leagan na mbrící. 🔊✎ B'éigean do Jimmy tarrtháil a thabhairt air agus geallstan don gaffer go gcoinneodh sé ag gabháil mar ba cheart é. 🔊✎
Rinne Jimmy cuntas ina intinn ar an deoch a bhí le fáil aige agus tharraing sé ar an bheár. 🔊✎ Bhí Micí, an freastalaí, ansin roimhe agus é ag éisteacht leis na pótairí a bhíina suí ag an bheár, má b'fhíor dó. 🔊✎ Chonacthas do Jimmy go raibh na pótairí céanna seo greamaithe do na stólta. 🔊✎ D'aithin sé na haghaidheanna uilig agus thug sé fá dear go suíodh achan mhac máthar acu ar an stól chéanna gan teip. 🔊✎ Chuaigh sé a smaointiú ar an tsaol a chaithfeadh bheith acu sa bhaile; ní raibh a fhios aige cad é mar a thiocfadh leo suí ansin uair i ndiaidh uaire is gan scrupall coinsiasa ar bith orthu. 🔊✎
Níor thuig Jimmy cad chuige nach raibh na fir seo ag iarraidh gabháil na bhaile. 🔊✎ B'fhéidir gurbh airsean a bhí an t-ádh. 🔊✎ Bhí Sarah agus na páistí aige; bhí, agus teach deas seascair. 🔊✎ Ina dhiaidh sin, ní raibh an teach chomh maith sin nuair a cheannaigh siad é; ceithre mhíle punt a thug siad don Housing Executive ar son ballóige, féadaim a rá, a raibh brící sna fuinneoga ann. 🔊✎ Bhain sé bunús bliana as deis a chur ar a theach, ag obair ag deireadh na seachtaine agus achan oíche, amach ó oíche Aoine, ar ndóigh. 🔊✎
Ach ba é Sarah a rinne biale de, na cuirtíní a rinne sí as fuílleach éadaigh a cheannaigh sí ag aonach na hAoine, nó na cathaoireacha nach dtug sí ach deich bpunt orthu i ujumble agus ar chuir sí snas úr orthu. 🔊 Ní raibh aon tseomra sa teach nár chóirih sí go raibh siad cosúil leis na pictiúir a tchífeá ar na hirisí loinnireacha ardnósacha. 🔊 Anois, agus é ag fanacht lena sheal ag an bheár, b'fhada le Jimmy go dtaradh oíche Shathairn nuair a bheadh sé féin agus Sarah ábalta teannadh lena chéile ar an tolg ag amharc ar video agus buidéal beag fíona acu. 🔊✎
"Seacht bpionta Guinness agus ceann beag, le do thoil, a Mhicí." 🔊✎
"Cad é mar atá na girseacha beaga, a Jimmy? 🔊 Is dóiche nach bhfuil tú ag fáil mórán codlata ar an aimsir seo..." 🔊
"Gabh mo leithscéal, a Mhicí, dean sé phionta agus ceann beag de sin, murar miste leat." 🔊
Thug caint Mhicí mothú ciontach chun tosaigh in intinn Jimmy, cé gur mhaith a bhí a fhios aige gurbh iad Elizabeth agus Margaret na páistí ab fhearr a cuireadh chun tsaoil riamh. 🔊✎ Anois, b'fhada le Jimmy go dtógadh sé iad, duine ar achan lámh, agus go dteannadh sé lena chroí iad agus go dtéadh sé a cheol daofa agus éisteacht leo ag plobaireacht. 🔊✎
Chuir Micí dhá losaid fána lán gloiní ar an chuntar agus thug Jimmy chun table fá dheifir iad. 🔊✎ Chaith sé siad deireadh a phionta, d'fhág sé slán ag an chuideachta agus rinne a bhealach a fhad le biatheach na Síneach. 🔊
Amuigh ar an tsráid, agus ceo na Samhna thart air, ní raibh in Jimmy ach duine gan ainm. 🔊✎ Thiontaigh sé aníos coiléar a chasóige agus shiúil na cúpla céad slat a thug a fhad leis an Jasmine Palace é. 🔊✎ Istigh ansin bhí an t-aer trom le boladh spíosraí agus teas bealaithe. 🔊✎ Bhí triúr nó ceathrar de dhéagóirí istigh roimhe agus iad ar meisce ar fíon úll. 🔊✎ Bhí a n-aird ar an bhiachlár ghealbhuí fána lán mílitriú agus bhí siad ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin fá cad é a cheannódh siad ar na pinginí a bhí fágtha acu. 🔊✎
Bhí Liz, mar a thug achan chustaiméir uirthi, ag freastal - girseach scór mbliain, í díomhaoin, cé go raibh iníon bheag ceithre mblian aici, rud a d'inis sí do Jimmy i modh rúin. 🔊✎
"An gnáthrud, a Jimmy. 🔊✎ Tá tú rud beag luath anocht, nach bhfuil?" 🔊✎
"Tá, nó ba mhaith liom gabháil na bhaile go bhfeice mé cad é mar atá na páistí." 🔊✎
"Níl mórán de do mhacasamhail ag gabháil ar an aimsir seo. 🔊✎ Bunús na bhfear, ní bhíonn ag cur bhuartha orthu ach iad féin agus na cairde agus a gcuid piontaí." 🔊✎
Tháinig an deargnáire ar Jimmy. 🔊✎ Ní raibh lá ruin aige an tseanchuimhne nimhneach sin a mhúscailt i gceann Liz - an stócach a bhí seal i ngrá léi agus a d'fhág ina dhiaidh sin í nuair a theann an saol go crua orthu. 🔊✎ Bhí tost míshuaimhneach eatarthu agus bhí Jimmy sásta nuair a tháinig duine de na stócaigh óga chuige ag iarraidh mionairgead briste ar bith a bheadh fá na pócaí aige. 🔊✎ Thug Jimmy traidhfil airgead rua agus boinn chúig pingine dó. 🔊✎ Rinne sé gnúsachtach mar bhuíochas, phill ar a chairde agus d'fhógair daofa go raibh a sáith airgid anois acu le hiasc agus sceallóga a cheannach, agus tobán beag curaí lena chois. 🔊✎
Rinne Jimmy staidéar ar na stócaigh seo. 🔊✎ Shílfeadh duine gur bhaill iad de chumann rúnda inteacht ina raibh sé de dhualgas ar gach ball beannú dá chéile sa chuid ba ghairbhe de chaint ghraosta, ghraifleach, ghnéasach na Sacsanach. 🔊✎ D'fhéach Jimmy lena chluasa a dhruidim in éadan na tuile seo. 🔊✎ Ach, ar ndóigh, ní féidir an rabharta a chosc. 🔊✎
Rinneadh foscladh ar an chomhla bheag sa bhalla ar chúl an chuntair, agus cuireadh mála bia agus ticéad amach. 🔊✎ Thiontaigh Liz a súil ó na stócaigh gharbha a bhí ag diurnú bhuidéal an Olde English. 🔊✎
"Seo duit, a Jimmy, oíche mhaith agus slán abhaile." 🔊✎
Chlaon Jimmy a cheann mar fhreagra, thóg an mála donn agus d'fhoscail doras trom na sráide. 🔊✎ Chonacthas dó gur éirigh an oíche iontach fuar. 🔊✎ Chuir sé mála an bhia taobh istigh dá chasóg in aice lena chliabhrach leis an teas a choinneáil ann, cé nach raibh i bhfad le siúl aige. 🔊✎
Chuaigh sé a smaointiú ar an chraos tine a bheadh sa teallach roimhe, agus ar an dá phláta agus an dá fhorc a bheadh réidh ag Sarah agus í ag súil leis na bhaile. 🔊✎ Ba mhian leis luí aici agus inse di cad é chomh sona sásta is a bhí sé le linn iad bheith le chéile. 🔊✎
Chonaic sé ina intinn féin í, fána gruaig chatach bhán. 🔊✎ Chóir a bheith go dtiocfadh leis a boladh a chur, ach a Dhia, chomh mór agus ba mhaith leis a lámha a chur thart uirthi agus luí aici. 🔊✎
Caillte ina smaointe féin, ní raibh a fhios ag Jimmy cad é abhí ag gabháil ar aghaidh thart air. 🔊✎ Níor chuala sé an carr gan solas a bhí ag tarraingt air go fadálach as dorchadas na hoíche. 🔊✎ Ní fhaca sé an splan solais, ach ar an tsaol seo dáiríre, scaoil stócach a raibh caint ní b aghraiflí aige ná an mhuintir a bhí sa teach itheacháin, scaoil sé urchar a shíob leath an chloiginn de Jimmy agus a d'fhág ina luí ar an tsráid reoite é. Bhí an fhuil ag púscadh ar an talamh fhuar liath agus ag meascadh lena raibh sna boscaí aluminium. 🔊