Chuaigh luch ar strae isteach sa choill 🔊
Is bhuail le sionnach gan aon rómhoill. 🔊
"Ar strae atá tú? 🔊 Ó mo bhrón! 🔊
Tar abhaile liom is íosfaimid lón." 🔊
"Nílim ar strae nílim ar fán 🔊
Tá coinne agam leis an nGarbhán." 🔊
"Garbhán? 🔊 Saghas éigin amadáin, an ea?" 🔊
"Amadán? 🔊 An Garbhán? 🔊 Ní hea, ní hea!" 🔊
"Tá starrfhiacla géara ann, 🔊
Is scanrúil é a gháire ... scanrúil, go deimhin." 🔊
"Cá mbuailfidh tú leis?" 🔊
Agus an béile is blasta leis ná madra rua." 🔊
"Dar mo ruball is dar mo chluas!" 🔊
Theith an sionnach faoi lánluas. 🔊
"Níl sa sionnach sin ach amadán! 🔊
Níl a leithéid de rud ann agus Garbhán." 🔊
Lean sé ar aghaidh isteach sa choill 🔊
Agus bhuail le hulchabhán gan aon rómhoill. 🔊
"Ar strae atá tú? 🔊 Ó mo bhrón! 🔊
Tar liom abhaile is íosfaimid lón." 🔊
"Nílim ar strae agus nílim ar fán 🔊
Tá coinne agam leis an nGarbhán." 🔊
"Garbhán? 🔊 Saghas éigin amadáin, an ea?" 🔊
"Amadán? 🔊 An Garbhán? 🔊 Ní hea, ní hea!" 🔊
Agus faithne nimhe ar bharr a chaincín." 🔊
"Cá mbuailfidh tú leis?" 🔊
Agus an béile is blasta leis ná pióg ulchabháin." 🔊
"P-p-pióg ulchabháin? 🔊 Pióg ulchabháin?" 🔊
D'imigh sé leis agus ghread a sciatháin. 🔊
"Níl san ulchabhán sin ach amadán! 🔊
"Níl a leithéid de rud ann agus Garbhán." 🔊
Lean sé ar aghaidh isteach sa choill
Agus bhuail le nathair gan aon rómhoill. 🔊
"Ar strae atá tú? 🔊 Ó mo bhrón! 🔊
Tar abhaile liom agus íosfaimid lón." 🔊
"Nílim ar strae agus nílim ar fán 🔊
Tá coinne agam leis an nGarbhán." 🔊
"Garbhán? 🔊 Saghas éigin amadáin, an ea?" 🔊
"Amadán? 🔊 An Garbhán? 🔊 Ní hea, ní hea!" 🔊
Agus colgáin chorcra ar a dhroim síos le fána." 🔊
"Cá mbuailfidh tú leis?" 🔊
Agus an béile is blasta leis ná nathair stofa." 🔊
"N-n-nathair stofa? 🔊 Nathair stofa? 🔊
"Níl sa nathair sin ach amadán! 🔊
Níl a leithéid de rud ann agus Garbhán!" 🔊
Ach: 🔊
Cé hé siúd thall ina sheasamh gan náire 🔊
Ó Dia linn is Muire, tá sé ag gáire! 🔊
Dhá ghlúin chama air, méara nach mín 🔊
Agus faithne nimhe ar bharr a chaincín. 🔊
Tá dhá shúil bhuí ann, teanga dhubh ghránna, 🔊
Agus colgáin chorcra ar a dhroim síos le fána. 🔊
"Ó nach mise mé féin an t-amadán! 🔊
Cé eile a bheadh ann ach an Garbhán!" 🔊
"Luch bheag dheas!" 🔊 arsa an Garbhán. 🔊
"D'íosfainnse thusa gan im gan arán!" 🔊
"Deas?" arsa an luch. 🔊 Ní thuigeann tú faoin spéir! 🔊
Is mise an neach is scanrúla orthu go léir!" 🔊
"Tusa, scanrúil? 🔊 Hí-hí! 🔊 Hó-hó!' 🔊
Lean mé is feicfidh tú 🔊 gan aon agó!' 🔊
"Leanfaidh mé thú," arsa an Garbhán. 🔊
"Seo leat anois síos an cosán." 🔊
Ar aghaidh leo ansin tríd an gcoill go mall. 🔊
"Cad é a chloisim?" 🔊 arsa an Garbhán ar ball. 🔊
"An nathair atá ann, mo bhuachaill bán!" 🔊
Agus stán an nathair ar an nGarbhán. 🔊
"Bhuel, "arsa an luch leis an nathair, "aon scéal?" 🔊
Theith an nathair agus a chroí ina bhéal! 🔊
"Anois," arsa an luch, "cad é do mheas?" 🔊
"Is léir," arsa an Garbhán, "nach bhfuil tú go deas!"
Ar aghaidh leo ansin tríd an gcoill go mall. 🔊
"Cad é sin a chloisim?" 🔊 arsa an Garbhán ar ball. 🔊
"An t-ulchabhan atá ann, mo bhuachaill bán!" 🔊
Agus stán an t-ulchabhán ar an nGarbhán. 🔊
"Caithfidh mise imeacht 🔊 gabh mo leithscéal!" 🔊
D'imigh an t-ulchabhán agus a chroí ina bhéal. 🔊
"Sea," arsa an luch, "nach agamsa a bhí an ceart?" 🔊
Ní dúirt an Garbhán ach "A Dhia na bhFeart!"
Ar aghaidh leo ansin tríd an gcoill go mall. 🔊
"Cad a chloisim?" 🔊 arsa an Garbhán ar ball. 🔊
"An sionnach atá ann, mo bhuachaill bán!" 🔊
Agus stán an sionnach ar an nGarbhán. 🔊
"Tá mo bhean ag glaoch orm," arsa an sionnach glic, 🔊
"S-s-slán leat anois, slán leat, a mhic!" 🔊
Níl neach ar talamh ná fós sa spéir 🔊
Ná go scanraím an t-anam astu go léir! 🔊
Ach tá ocras ag teacht orm anois, dar fia: 🔊
Anraith Garbháin is blasta liom mar bhia!" 🔊
"Dar an faithne nimhe atá ar mo shrón,
Ní bhfaighidh tú mise le hithe mar lón!"
Shuigh an luch ar a sháimhín só: 🔊
"Anraith Garbháin? 🔊 B'fhearr liomsa cnó!" 🔊
Ní bheadh a fhios agat cé na neach aisteacha a chasfaí ann ort, 🔊