go
(Conj Subord)

"Tá sé chomh maith againn imeacht go tír eile mar sin", arsa an cheaircín. 🔊

Nuair a tháinig an tráthnóna, dúirt an sionnach leis an gcoileach: "Tá sé chomh maith againn a dhul isteach go dtí an púirín". 🔊

"Níl ár ndóthain ite againne go fóill", arsa an coileach, "ach téigh isteach go fóill beag thú féin, agus beidh muide isteach i do dhiaidh". 🔊

Chuaigh an sionnach isteach, agus nuair a fuair an coileach agus an cheaircín imithe isteach , d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad féin leo go dtí a dtír féin arís. 🔊

Frequency index

Alphabetical index