← D'imigh siad leo gur casadh gé orthu. 🔊
← D'imigh siad leo gur tháinig an oíche orthu. 🔊
← Isteach leo i bpúirín beag, agus chuir siad síos tine. 🔊
← D'ith siad a mbéile, ach ní raibh an sionnach sásta fós. 🔊
← Chuir siad a dtóin leis an tine, agus phléasc an lacha. 🔊
← Chuir siad a dtóin leis an tine arís, agus nuair nár éirigh an timpiste chéanna d'aon cheann eile acu, bhain an sionnach greim beag ar thóin na gé agus phléasc sí. 🔊
← An lá dár gcionn, chuaigh siad amach ag soláthar bia dóibh féin. 🔊
← Chuaigh an sionnach isteach, agus nuair a fuair an coileach agus an cheaircín imithe isteach é, d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad féin leo go dtí a dtír féin arís. 🔊