Sliocht as An t-Oileán a Bhí, le Máire Ní Ghaoithín (An Clóchomhar Tta., 1978). 🔊
Nuair a bhídís chun pósadh san oileán fadó cleamhnaistí a dheintí. 🔊✎ Théadh athair an bhuachalla agus duine de na comharsain go tig an chailín. 🔊✎ Dá mbeadh a athair marbh rachadh a uncail ann. 🔊✎ Bhíodh buidéal biotáile acu chun sláinte an lanúin óig a ól, nó uaireanta chun athair nó muintir a bhogadh chun iníon a fháil agus chun an cleamhnas a dhéanamh. 🔊✎ Má dheintí an cleamhnas, théidís don Daingean. 🔊✎ Cheannaidís éadach chun culaith nua i gcomhair lá an phosta. 🔊✎ Nuair a bhíodh an chulaith nua déanta ag an maintín don gcailín agus an chulaith nua déanta ag an dtáilliúir don mbuachaill thagaidís abhaile don oileán. 🔊✎ Lá arna mhárach, thugaidís cuireadh do mhuintir an oileáin go léir agus dá ngaolta i nDún Chaoin agus théidis ar an mBuailtín go dtí an sagart paróiste chun iad a phósadh. 🔊✎
Tar éis pósta bhíodh rince agus ceol, amhránaíocht agus spórt acu i dtig tábhairne ar an mBuailtín go tráthnóna. 🔊✎ Ansin thagaidís abhaile don oileán agus bhíodh oíche eile go maidin acu. 🔊✎ Thugaidís bairille leanna duibhe leo agus buidéal fíona do na mná, agus cad é an oíche a bhíodh acu go maidin, seanamhráin bhreátha, ceol agus rince. 🔊✎ Siar san oíche ag druidim le críochnú na bainise, d'éiríodh fear aosta an tí ina sheasamh, bheireadh sé ar bhabhla ón ndriosúr, bhriseadh sé é i lár an tí agus deireadh, "faighim deireadh leis!" 🔊. 🔊 B'é sin críochnú na bainise. 🔊✎ Is chun ádh a thabhairt ar an lánúin óg a bhristí an babhla. 🔊✎ B'fhuirist cleamhnas a dhéanamh ar an oileán dá mbeadh an bheirt óg sásta lena chéile, mar ní bhíodh aon spré á lorg. 🔊✎
Ní mar sin ar an míntír. 🔊✎ Má bhíodh talamh ag athair an bhuachalla, bhíodh ar athair an chailín spré a dhíol, chun buanaíocht a fháil ar an dtig agus ar an dtalamh dá iníon. 🔊✎ Is minic a bhristí an cleamhnas mura mbeadh an spré ag athair an chailín. 🔊✎