← "Má éiríonn liom dul isteach ansin," ar seisean leis féin, "beidh féasta maith agam." 🔊
← Chrom sé síos ar an talamh agus bhrúigh sé é féin isteach agus ba é a dhícheall é. 🔊
← Nuair a bhí sí ag oscailt an dorais chaith an madra rua é féin ar an urlár agus shín sé é féin amach díreach mar a bheadh sé marbh. 🔊
← Chomh luath agus a fuair sé é féin ar an talamh, áfach, d'éirigh sé de phreab agus ní dhearna sé stop ná staonadh go dtí go raibh sé saor ó bhaol agus istigh ina phluais féin. 🔊