← Sa bhéaloideas Ceilteach d'fhéachtaí ar an sionnach mar ainmhí a bhí glic agus cliste. 🔊
← Madra rua a thugtaí air, rud a thug le fios go raibh fuinneamh agus beocht ann agus ceapadh gur ón saol eile a fuair sé é. 🔊
← An oíche seo, nuair a bhí an bhean ina codladh, tháinig madra rua go doras chró na gcearc. 🔊
← "Cad a dhéanfaidh mé in aon chor?" 🔊
← "maróidh bean an tí mé nuair a thiocfaidh sí amach ar maidin." 🔊
← Nuair a bhí sí ag oscailt an dorais chaith an madra rua é féin ar an urlár agus shín sé é féin amach díreach mar a bheadh sé marbh. 🔊
← Ba bheag nár thit an bhean bhocht i laige nuair a chonaic sí an radharc a bhí os comhair a dá súl. 🔊
← Táim scriosta go deo agus féach ar an seanbhuachaill seo,"ar sise nuair a chonaic sí an madra rua, 🔊
← Chomh luath agus a fuair sé é féin ar an talamh, áfach, d'éirigh sé de phreab agus ní dhearna sé stop ná staonadh go dtí go raibh sé saor ó bhaol agus istigh ina phluais féin. 🔊